Athchruthú na Staire: Foinsí Béarla in Éirinn ón seachtú haois déag’

Achoimre:

Is minic a bhíonn staraithe Éireannacha an nua-aois luath ag gearán faoi easpa bunfhoinsí i gcomparáid lena gcomhghleacaithe i Sasana agus ar an mór roinn. Go deimhin, feicimid a mhalairt don té atá i mbun oibre ar Chogaí na dTrí Ríochta sna 1640idí. Cinnte, cailleadh ábhar suntasach thar na cianta, go háirithe nuair a scriosadh na Ceithre Cúirteanna i Meitheamh 1922 ag tús an Chogaidh Chathartha, ach tháinig neart slán. Tá tionscadal idir lámha i gColáiste na Tríonóide, dar teideal Virtual Record Treasury of Ireland, chun spreagadh a thabhairt d’athmheasúnú ar stair na hÉireann trí na cartlanna caillte a athchruthú. Díreoidh an chaibidil seo ar an ábhar Béarla ó na 1640idí agus 1650idí, blianta fuilteacha agus claochlaitheacha i stair na hÉireann. Cé go mbaineann na foinsí seo go príomha le radharc na gcoilíneach ó Chaisleáin Átha Cliath, is féidir iad a úsáid fresin chun léargas uathúil a sholáthar ar shaol caillte an tseathtú haois déag.